An chaoi ina n-oibríonn sé

An chaoi ina n-oibríonn sé

Agus tú ag clárú d’Fholáirimh Chill Chainnaigh, féadfaidh tú do cheantar Baile agus Oibre a thabhairt. Ciallaíonn sé sin nach bhfaighidh tú ach na foláirimh a bhaineann leis na ceantair ainmnithe seachas foláirimh a fháil ó ar fud an Chontae. Mar shampla, má tá cónaí ort i CHill Chainnaigh agus do chuid oibre i Muileann an Bhata, féadfaidh tú foláirimh a fháil don dá cheantar nó do na ceantair atá go díreach ar an mbealach idir an dá cheantar. Ní bhfaighidh tú áfach, ach foláirimh do na catagóirí ar chláraigh tú dóibh (e.g. Foláirimh Uisce).

Féadfaidh tú clárú trí chliceáil ar an gcnaipe. Ní mór d’uimhir fóin póca agus do sheoladh ríomhphoist a thabhairt agus tú ag clárú chun go bhféadfaidh Chill CHainnaigh foláirimh a sheoladh ar aghaidh chugat. Tá an rogha agat d’uimhir fóin baile a thabhairt chomh maith. Tá sé beartaithe an uimhir fóin sin a úsáid chun foláirimh teachtaireachta taifeadta a eisiúint amach anseo.

A luaithe a chruthaíonn tú do chuntas féadfaidh tú logáil isteach agus athrú a dhéanamh ar do shonraí. Más mian leat foláirimh ar leith a chealú, is furasta é sin a dhéanamh, níl ort ach dul go dtí do leathanach ‘’Eagrú ar do Chuntas’’. Má athraíonn tú do cheantar baile nó oibre, sa chás sin, ní mór duit úsáid a bhaint as ár mapa láithreáin idirghníomhach chun do cheantar nua a léiriú go cruinn ar an Leathanach Ceantair Oibre Nuashonraithe nó Ceantair Baile Nuashonraithe.

Tá an tseirbhís seo a chuireann Comhairle Contae Chill CHainnaigh agus MapAlerter.com ar fáil, saor in aisce. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon chostais chláraithe i gceist agus nach bhfuil aon chostas ag baint leis na Gearrtheachtaireachtaí nó Ríomhphoist a fhaigheann tú. Tabhair do d’aire nach mbainfear aon úsáid as an eolas a chuireann tú ar fáil ach amháin chun do chuid foláireamh roghnaithe a chuir ar fáil.

Táimid ag súil go mór le foláirimh a sheoladh chugat ar Fholáirimh Chill Chainnaigh!

Kilkenny County Council, County Hall, John Street, Kilkenny R95 A39T
Tel: +353 (0) 56 7794000 | Fax: +353 (0) 56 7794004 | Email: info@kilkennycoco.ie | Emergency outside office hours: : 1890 252 654
Privacy Statement for the Kilkenny Alerts Service | Terms & Conditions of the Kilkenny Alerts Service | Request to Unsubscribe from Kilkenny Alerts